An teach a bhí acu ina óige, teach ceannt tuí a bhí ann, chuireadh a athair an tuí air é féin, seomra amháin a bhí ann. Bhí lampa tilly i gcorr theach nuair a bhíodh siad ag airneáin ach lampa ar an bhalla a bhí acu féin, sin agus solas na tine. A chuimhne ar an chéad raidió a cheannaigh siad, nuair a maraíodh John F. Kennedy agus fuair siad aibhléis in 1962.